Taiscéalaigh an Próiseas

Opera Réaltacht Fhíorúil Pobail a Chomhchruthú

Tá sé mar aidhm ag Out of the Ordinary/As an nGnách opera a chíoradh le greim a fháil ar an tuiscint atá ag lucht féachana comhaimseartha air, triail a bhaint as modhanna nua le bheith ag obair le pobail áitiúla, agus conas úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Táimid ar an aistear seo le dhá bhliain anuas agus an saothar seo á chruthú againn. Coinnigh ort ag léamh lenár scéalta ar fad a chlos...

Buaileadh leis na Pobail

Agus muid i lár paindéim dhomhanda, ní raibh ach bealach amháin againn le buaileadh lenár rannpháirtithe... Zoom! Chuamar i dteagmháil lenár gcairde nua trínár bpáirtnéirí áitiúla i Music Generation Uíbh Fhailí / Iarmhí, The Civic agus Conradh na Gaeilge, le daoine bríomhara, crutheaitheacha a thabhairt ar bord linn ó chósta iarthair na hÉireann go bruachbhailte Bhaile Átha Cliath.

Cruthaitheacht a Chíoradh

Thar tréimhse 6 mhí, rinneamar óstáil ar cheardlanna ar líne le gach saghas cruthaitheachta a bhaineann le opera a imscrúdú: ceol, dearadh físiúil, scríbhneoireacht. Scrúdaigh ár rannpháirtithe a gcuid cruthaitheachta i gceardlanna dearadh físiúil le Ceara Conway agus Shane Sutton; scríobh le Darach Mac Con Iomaire agus David Lordan; agus cumadóireacht le cumadóir Out of the Ordinary/As an nGnách Finola Merivale. Ghnóthaigh an saothar seo go léir scéalta, íomhánna agus fuaimeanna iontacha a úsáideadh mar bhunchloch an opera.

Léigh tuilleadh

Opera a Fhorbairt

Deas castáil leat...

Nuair a scaoileadh roinnt de na srianta, bhíomar in ann buaileadh le chéile ar deireadh lenár rannpháirtithe agus ár bhfoireann chruthaitheach a chruinniú le hoibriú le chéile ar an opera.

Sna ceardlanna ar an láthair, thosaíomar ar théamaí a iniúchadh a tháinig suas arís agus arís eile le linn na ceardlanna ar líne: grá, cumha, athrú, baint le háit, taisteal, an t-osnádúr, athrú aeráide agus a thuilleadh.

Bhí na snáitheanna ag teacht le chéile

Téamaí móra ab ea iad seo, agus bhí géarghá le scéal láidir chun na mothúcháin agus na téamaí móra seo a shníomh le chéile. Rith sé linn go mba chóir miotais a thriail – mar go mbíonn siadsan ag cur thar maoil le mothúcháin agus téamaí móra. Don dara deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath, d’iarramar ar an seanchaí agus saineolaí béaloideasa Sorcha Hegarty cabhrú linn seana mhiotais a chíoradh mar thús. Thaispeáin sise Clann Lir, Tonn Chlíodhna, Ceasair, agus An Corrbholg. Rinneamar spraoi leis na scéalta seo agus d’oibríomar le chéile chun an cheithre scéal a chur i ndá scéal. Ansin thugamar an dá scéal “nua” sin go hInis Meáin le haghaidh deireadh seachtaine i mí Meán Fómhair 2021. Chaitheamar dhá lá ag obair le grúpaí ar an oileán, agus faoin dtráth gur fhilleamar ar an mórthír, bhí síolta an scéil de Out of the Ordinary/As an nGnách againn.

Ansin cad a tharla?

Le linn an Fhómhair 2021, d’oibrigh an fhoireann chruthaitheach go dian le snas a chur ar an ábhar a bhí cruinnithe agus cruthaithe agus na baill pobail go nuige seo. Bhí snáithe scéil soiléir againn agus treoirlíne ceoil don opera. Bhí ár bpobail i dteagmháil go rialta ar líne tríd an phróisis, chun aiseolas a roinnt linn agus a saothar á fhorbairt againn. Faoi thús 2022 bhí an leabhróg críochnaithe ag Jody O’Neill, agus luígh Finola Merivale, ár gcumadóir, isteach ar an gcumadh ceoil go hiomlán.

Taibhiú a Ghabháil

Ceann de na gnéithe is suntasaí faoin Réaltacht Fhíorúil ná gur féidir í a úsáid le gluaiseacht dhuine a ghabháil, rud gur féidir ansin a chur isteach san eispéireas VR. Bhain ár rannpháirtithe ana chuid spraoi as triail a bhaint as an VR, agus theastaigh uainn go mbeadh sé sin le sonrú san opera críochnaithe. D’oibríomar le Virtual Reality Ireland agus ár bpáirtnéirí sa léiriúchán cruthaitheach, Algorithm, chun ceardlanna taifeadadh gluaiseachtaí a rith, le gluaiseachtaí ár mbaill pobail a ghabháil le cur sna carachtair beochanta inár ndomhan fíorúil. Mar shampla, tá iasc beochanta ag snámh faoi na dtonnta a thosaigh mar dhuine dár rannpháirtithe ag damhsa sa seomra ceardlainne!

Bunaíodh cóir phobail in Inis Meáin agus i mBaile Átha Cliath, taobh le Cumann Córúil Tamhlacht, a chleachtaigh is a thaifead na míreanna córúla den saothar. B’shin an chéad uair ag formhór dár rannpháirtithe a bheith ag glacadh páirt i gcór foirmeálta mar seo. Seasta gualainn le gualainn le hamhránaithe gairmiúla, tá ár gcóir pobail mar dhlúthchuid de cheol agus fuaimrian Out of the Ordinary/As an nGnách.

Léigh tuilleadh

Dearadh agus Léiriú

I gcomhpháirt lenár bpáirtnéirí cruthaitheacha in Algorithm, thosaigh ár stiúrthóir Jo Mangan ag obair ar an domhan fíorúil, chun snáitheanna an scéil, an cumadóireacht agus na heilimintí físiúla a tháinig ón bpróiseas go dtí seo a shníomh le chéile. Is as seo a cruthaíodh Out of the Ordinary/As an nGnách i dtimpeallacht tríthoiseach VR.

Tugadh ceoltóirí gairmiúla isteach sa phróiseas, chun ceardlannú a dhéanamh ar an scór sular tosaíodh ar na seisiúin taifeadta deireanacha, le ceoltóirí gairmiúla agus amaitéireacha ag seinm taobh le taobh.

Léigh tuilleadh

Ag Taithí Out of the Ordinary/As an nGnách

Léiríodh an ceoldráma deiridh don chéad uair do bhaill den phobal a chabhraigh leis é a dhéanamh ar 7 Lúnasa 2022 san Amharclann Cathartha i dTamhlacht. Éist le cuid dár rannpháirtithe pobail ag míniú cad é an taithí a bhí ag an gceoldráma don chéad uair riamh.

Léigh tuilleadh