Dún

Airigh an Opera

Cad é an scéal?

San opera Out of the Ordinary/As an nGnách insítear scéal faoi phobal a bhfuil orthu a dtír dhúchais lom a thréigint, nach féidir leo slí beatha a bhaint amach uirthi a thuilleadh toisc an damáiste a d’imir siad féin uirthi. Tógann Nalva, an príomhcharachtar, bád chun a muintir a sheoladh ar aistear eipiciúil chun áit nua a aimsiú inar féidir leo cur fúthu.

Agus iad ar tí imeachta, ní thuigeann siad go bhfuil neach éigin sa tóir orthu. Cruthaíonn Daol - fórsa osnádúrtha an nádúir ar dearg-bhuile mar gur scaoileadh ón gcré lom í - stoirm mhór agus farraigí garbha rud a tharraingíonn an bád faoin sáile.

Nuair a thagann Nalva agus a muintir ar barr uisce arís, feiceann siad tír strainséartha nua.  An bhféadfaidís cur fúthu anseo? An mbeidh siad in ann a bheith i dtiún leis an nádúr, nó an bhfillfidh siad ar a ndrochnósanna arís? An mbeidh faoiseamh agus síocháin i ndán do Dhaol, nó an leanfaidh sí uirthi ag cruthú léirscrios? Cá bhfios? Bígí linn ar bord!


What is a VR Opera and What to Expect?

Nuair a smaoiníonn daoine ar VR, is minic go samhlaítear físchluichí do dhéagóirí, ach is féidir le duine ar bith VR a úsáid! Eispéireas tumthach is ea Réaltacht Fhíorúil nó Opera VR, ina gcaithtear fearas cinn a chuireann tú caol díreach isteach i ndomhan fíorúil an opera, seachas faire air ar scáileán os do chomhair amach. Cuirtear tú i lár an aicsin, le 360° d’eispéireas saibhir, céadfach mórthimpeall ort. Níl ár Opera VR ag iarraidh an fíor-dhomhan a athchruthú, ach domhan samhailte a chur faoi do bhráid le beochan, chun eachtra uathúil opera a chruthú, inar féidir leat gluaiseacht thart agus idirghníomhú le do thimpeallacht. Déanfaidh ár Opera VR athshamhlú iomlán ar céard is ea opera sa ré dhigiteach.


Ceisteanna Úsáideora

Toisc an slí ina fheidhmíonn VR, ní bheidh an t-eispéaras seo oiriúnach do lucht féachana atá:

  • faoi bhun 14

  • ag iompar clainne

  • i mbaol taomanna nó titimeas

  • séadaire in úsáid acu

  • faoi thionchar drugaí nó alcól

  • riocht sláinte dáiríre acu a bhfuil éifeacht aige ar chothromaíocht nó radharc

Ceisteanna Coitianta

Beidh an opera tuairim is 20 nóim ar fhad agus mairfidh an t-eispéireas iomlán thart ar 30 nóim ó thús deiridh.

Ní mholtar VR do pháistí faoi bhun 14.

Cruthaíodh an saothar le bheith feicthe agus tú i do sheasamh, agus le roinnt gluaiseachta. Tá limistéar imeartha socraithe sa bhfearas cinn (tugtar an caomhnóir air) agus feicfidh tú greille ghorm má théann tú gar d’imeall an limistéir seo. Tá suíochán ar fáil más fearr leat.

Sea, beidh spás ar leith do do chuid giúirléidí i do spás pearsanta agus tú san eispéireas.

Tá strapa fuaime mar chuid den bhfearas cinn ina bhfuil cluasáin. Cabhróidh éascaitheoir leat leis an bhfearas cinn sara dtosaíonn an t-eispéireas.

Sea, glanann na héascaitheoirí an fearas cinn go hiomlán idir gach úsáid.

Dearadh an saothar seo le tinneas taistil a sheachaint. É sin ráite, fulaingíonn daoine áirithe níos mó ná daoine eile leis seo. Beidh na héascaitheoirí ag coinneáil súil oraibh síos tríd; ach má bhíonn tú míchompórdach, is féidir an fearas cinn a ardú am ar bith.

Lena thuilleadh eolais a fháil, is féidir dul i dteagmháil linn ag info@irishnationalopera.ie agus beimid breá sásta aon cheist atá agat a fhreagairt.