Fúinn

Fáilte go dtí Out of the Ordinary/As an nGnách, Opera Pobail Réaltacht Fhíorúil suntasach nua, forbartha ar son, agus in éineacht le, daoine atá ina gcónaí ar fud na hÉireann.

none

Cruthaithe trí shraith de cheardlanna ar líne agus ar an láthair, pléann an opera modhanna nua comhchruthaíochta, lenár bpobail áitiúla i gcroílár an phróisis cruthaíochta. D’oibrigh ár bhfoireann chruthaitheach phroifisiúnta le rannpháirtithe timpeall na hÉireann, ag foghlaim óna chéile, agus an saothar, insint, agus dearadh á bhforbairt acu trí chomhráite agus comhoibriú ins na blianta 2021 agus 2022.  Lig an próiseas dúinn slite éagsúla a aimsiú chun saothar a chruthú, agus anois is féidir linn opera a chur os comhair lucht féachana ar shlí iomlán nua.  Curtha i láthair le réaltacht fhíorúil, tá súil againn go spreagfaidh an saothar seo comhráite mar gheall ar opera, teicneolaíocht agus ealaín, cé dóibh é agus cad iad na féidearthachtaí leis.

Airigh Out of the Ordinary/As an nGnách ón Samhradh 2022.

Airigh an Opera

Faigheann Opera Náisiúnta Éireann maoiniú ó The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon.

Is mar chuid de TRACTION a forbraíodh Out of the Ordinary/ As an nGnách: tionscadal Eorpach a bhfuil 9 gcinn de phairtnéirí idirnáisiúnta ann, maoinithe ag Horizon 2020, treallús de chuid an Aontais Eorpaigh. Bailíonn an tionscadal spleodrach seo saineolaithe ó na healaíona, an teicneolaíocht agus na hearnála acadúla chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua agus bealaí gur féidir le pobail áitiúla a bheith páirteach in opera. Tá Out of the Ordinary/As an nGnách ina cheann as trí scéim phíolótach in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Spáinn, agus na próisis nua seo á thástáil acu.

Tuilleadh eolais faoi TRACTION anseo.

Learn more about TRACTION

Bhuaigh Out of the Ordinary/ As an nGnách an Fedora Digital Prize 2021 iomráiteach, le tacaíocht ó Kearney.

Foireann ghairmiúil Out of the Ordinary / As an nGnách ar Inis Meán i bhfómhar 2021