As an nGnách ceardlanna ar Inis Meáin

As Gaeilge

An deireadh seachtaine seo caite chaitheamar dhá lá ghlórmhara ar oileán draíochtúil Inis Meáin, ag reáchtáil ceardlanna forbartha do As an nGnách.

I measc na gclaíocha cáiliúla agus ciúnas an oileáin, bhí faitíos orainn agus muid ag teacht isteach, i ngan fhios dúinn cé a bheadh linn nuair a shocróimid i gColáiste Naomh Eoin an lá dár gcionn. Bhí ríméad orainn gur chuir an pobal áitiúil fáilte dhíograiseach agus oscailte romhainn, cé go raibh beagáinín mearbhall orthu fúinne agus an méid a bhí ar siúl againn. Ach ghéill aon fhaitíos do chomhoibriú agus do chruthaitheacht a luath a thosaíomar ag obair; ag cur aithne ar an bpobal agus an ceoldráma á fhorbairt againn.

Chuir lá gníomhach tús leis na ceardlanna, le daltaí meánscoile ó Choláiste Naomh Eoin – scoil bheag le thart ar daichead scoláire. Freastalaíonn muintir Inis Meáin ar an scoil, chomh maith le daltaí ón mórthír, a thagann anseo chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus chun saol an oileáin a bhlaiseadh.

Thosaíomar le bunchúrsa ar réaltacht fhíorúil, a raibh an-tóir air ar ndóigh. Leanamar é seo le ceardlann cheoil, inar oibrigh muid leis na scoláirí chun What Might Have Been agus Empty Raindrops a fhoghlaim, píosaí a chruthaigh an cumadóir Finola Merivale agus an scríbhneoir Jody O’Neill. Tháinig inspioráid na bpíosaí as an obair a rinneadh sna ceardlanna ar líne a reáchtálamar níos túisce i mbliana.

Chuireamar críoch leis an gcéad lá le ceardlann scríbhneoireachta le Jody, a roinn leis an ngrúpa cuid den ábhar a bhí á scríobh againn lenár rannpháirtithe eile, agus a thug na scoláirí trí roinnt cleachtaí chun téamaí agus scéal an cheoldráma a fhorbairt.

An lá dár gcionn, d’oibríomar le meascán de dhaoine fásta agus de dhaoine óga. Bhí na ceardlanna seo níos dírí, ag luí isteach ar an obair chun ár scéal a fhorbairt agus chun an lá a chríochnú le treoir shoiléir a chruthódh téacs an cheoldráma.

Chuaigh flaithiúlacht na ndaoine lenar chasamar ar an oileán go mór orainn, flaithiúlacht a bhí le feiceáil sna ceardlanna agus timpeall an oileáin, sa snámh laethúil nó sa seisiún amhránaíochta lasmuigh den teach tábhairne. A leithéid d’aoibhneas a bheith in ann bualadh le pobail tar éis an oiread sin míonna den dianghlasáil. Míle buíochas le gach duine as Coláiste Naomh Eoin, le foireann Comhlacht Forbartha Inis Meáin agus le gach duine a chur fáilte chroíúil romhainn. Níl aon ionadaí ar bith ann do ghníomhaíochtaí san fhíorshaol!

Back to News