Opera ar Inis Meáin

As Gaeilge

An deireadh seachtaine seo caite rinneamar ár gcuid málaí a phacáil suas agus thugamar ár n-aghaidh siar chuig Inis Meáin, oileán beag suite timpeall 40 ciliméadar ó chósta na Gaillimhe, ar a bhfuil thart ar dhá chéad cónaitheoir, chun taispeántas an-speisialta den cheoldráma The Lighthouse le Peter Maxwell Davies a reáchtáil amuigh faoin aer. Taifeadadh an ceoldráma níos luaithe i mbliana sular thaispeánamar é timpeall na hÉireann le linn an tsamhraidh. Bhí ríméad orainn a bheith in ann an ceoldráma a thabhairt linn go hInis Meáin, lán le fotheidil Ghaeilge, aistrithe go speisialta don taispeántas seo ag Bríd Ní Ghruagáin.

I gcomhpháirtíocht le Comhlacht Forbartha Inis Meáin agus le caoinchead Oifig na n-Oibreacha Poiblí, shocraíomar ár scáileán scannán taistil i dtimpeallacht dhraíochtach Dhún Chonchúir, dúnfort ársa lonnaithe i lár an oileáin. A leithéid de thimpeallacht don cheoldráma an-chorraitheach seo – é féin lonnaithe i gceantar Gaeltachta iargúlta ar na hEileanan Flannach in Albain.

Mar a dúirt bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, Cuan Ó Seireadáin, agus é ag labhairt ar an gclár Inis Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, “Is eachtra é a tharla i nGaeltacht na hAlban ach is daoine ó thaobh amuigh de Ghaeltacht na hAlban a bhí istigh ag obair ar an teach solais agus a bhí sa long. Tá an teagmháil sin idir an dá chultúr, cultúr Ghaeltacht na hAlban agus cultúr na himpireachta - cultúr an Bhéarla, na seirbhísí mara - an-láidir sa cheoldráma agus beidh sé an-suimiúil é sin a fheiceáil sa chomhthéacs oileánda seo.

Tar éis roinnt míonna ag obair ar líne le cónaitheoirí an oileáin mar chuid dár gCeoldráma Pobail réaltachta fíorúla, As An nGnáth, ba é seo an chéad uair a bhíomar in ann aon ghníomhaíocht fhisiciúil a eagrú ar Inis Meáin, rud a bhraitheamar uainn go géar le linn na paindéime. Thug an deireadh seachtaine seo deis do na hoileánaigh léiriúchán de chuid Opera Náisiúnta Éireann a fheiceáil beo agus an deis dúinne saol an oileáin a bhlaiseadh, chomh maith le bualadh le cuid de na rannpháirtithe atá ag obair linn ar As An nGnáth sa saol réadúil faoi dheireadh thiar thall.

Fillfimid ar an oileán an 10 agus 11 Meán Fómhair le haghaidh ceardlanna idirghníomhacha leis na hoileánaigh agus le foireann chruthaitheach As An nGnáth, céim shuntasach eile i bhforbairt an cheoldráma.

Back to News